- 
					Cúrsaí
					
		Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
 - 
					Saol na hOllscoile
					
		Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
 - 
					Eolas Fúinn
					
		Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
 - 
					Coláistí & Scoileanna
					
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
 - Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
 - Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
 - Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
 - Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
 - Roinn na Gaeilge
 - An tAcadamh
 - Stair
 - Idirnáisiúnta
 
		Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
 - 
					Taighde
					
		Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
 - 
					Gnó & Tionscal
					
		Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
 - 
					Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
					
		Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
 - 
					Rannpháirtíocht Pobail
					
		Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
 
Éirí as Cúrsa
Éirí as Cúrsa in Ollscoil na Gaillimhe
Tarlaíonn rudaí in amanna a chuirfeadh fonn ar mhac léinn smaoineamh ar Ollscoil na Gaillimhe a fhágáil sula mbeadh a c(h)úrsa staidéir críochnaithe aige/aici.
- Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Teagmhálaí um Éirí as Coláiste/Scoil  seo agat chun comhairle a fháil ar do chuid roghanna lena n-áirítear Saoire Neamhláithreachta
 - Léigh an polasaí a leanas de chuid Ollscoil na Gaillimhe: Polasaí do Mhic Léinn maidir le hÉirí as Cúrsa.
 - Seiceáil spriocdhátaí.
 - Bí ar an eolas faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil duit
 
- 
- 
Féadfaidh mic léinn éirí as go dtí an 1 Márta, ní féidir éirí as i ndiaidh an dáta seo.
 - Spriocdhátaí Táillí : Tá ar mhic léinn táillí a íoc suas go dtí an dáta a gcuireann siad isteach Foirm le héirí as ar líne.
 
 - 
 
Dátaí Táillí do 2024-2025
An dáta a gcuirtear isteach an Fhoirm le hÉirí as Ar Líne | 
Tionchar | 
| Seimeastar I: Go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2024 | Fágáil gan aon tionchar | 
| 
 Seimeastar II: Idir 1/11/2024 agus 31/01/2025  | 
 Caillfear 50% den táille teagaisc, 50% de mhuirear na mac léinn agus 100% de thobhach na mac léinn  | 
| 
 Tar éis 01/02/2025  | 
 Caillfear 100% den táille teagaisc, 100% de mhuirear na mac léinn agus 100% de thobhach na mac léinn  | 
Má éiríonn mac léinn as a c(h)úrsa go foirmiúil an 1 Feabhra nó dá éis, tá an mac léinn freagrach as táillí iomlána na Bliana Acadúla. Ba chóir do mhic léinn Idirnáisiúnta teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Idirnáisiúnta chun aon impleachtaí víosa a d’fhéadfadh a bheith ag baint le héirí as cúrsa staidéir a sheiceáil
Má shocraíonn tú éirí as
- Mic Léinn Fochéime: Foirm le hÉirí as Cúrsa ar Líne 
 - Mic Léinn Iarchéime (clár múinte): Foirm le hÉirí as Cúrsa ar Líne
 - Mic Léinn PhD & Mic Léinn Iarchéime Taighde: comhlánaigh Foirm le hÉirí as Cúrsa ar Líne do Mhic Léinn Taighde
 - Comhlánaigh an Suirbhé maidir le hÉirí as Cúrsa
 - Cuir in iúl do do ghníomhaireacht mhaoinithe / d’urraitheoir go bhfuil tú ag éirí as
 - Nithe atá ar iasacht ón Leabharlann a thabhairt ar ais agus aon fhíneálacha nár íocadh leis an Leabharlann a íoc
 - Tabhair do chárta aitheantais Mac Léinn ar ais chuig Deasc Chabhrach Chlárlann na Mac Léinn sa phost nó go pearsanta
 - Tabhair do cheadúnas Páirceála ar ais don Oifig Páirceála sa phost nó go pearsanta.
 
Cad a tharlóidh anois?
Nuair a bheidh an fhoirm le héirí as curtha isteach agat ar líne,
- cuirfear tús leis na nósanna imeachta díchláraithe láithreach agus cuirfear na húdaráis ábhartha laistigh den Ollscoil ar an eolas faoi.
 - A luaithe a bheidh tús curtha leis an bpróiseas, ní bheidh an mac léinn in ann athchlárú go dtí an chéad Bhliain Acadúil eile, ach iarratas a dhéanamh ar an ngnáthbhealach e.g. CAO.
 - Is é an dáta éirithe as an dáta a bhfaighidh an Ollscoil an Fhoirm le hÉirí as ar líne agus í líonta
 - Sa chás go n-éiríonn mac léinn as clár, tá a t(h)aifead acadúil don bhliain sin ar neamhní. Ciallaíonn sé seo nach féidir creidmheas a fháil as aon mhodúil a rinneadh sa bhliain staidéir ar éirigh siad as, fiú má rinneadh iad sular éirigh siad as go foirmiúil
 
					
					
				