Comórtas d’Intéirneachtaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta Painéal a bhunú

Tá deiseanna ar fáil do chéimithe socrúcháin oibre a dhéanamh in institiúidí an Aontais Eorpaigh – an Coimisiún EorpachParlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Coiste na Réigiún, an Chúirt Iniúchóirí agus Oifig na bhFoilseachán. Ceapfar oiread agus seachtar san iomlán ar feadh tréimhse 9 mí dar tús mí Dheireadh Fómhair 2026. Ní bheidh síneadh ama ar fáil do na socrúcháin oibre seo. 

Fostófar na hintéirnigh mar Oifigigh Feidhmiúcháin i Státseirbhís na hÉireann agus iad á dtabhairt ar iasacht ansin don institiúid Eorpach ábhartha. Is ar phointe 1 de scála tuarastail an Oifigigh Feidhmiúcháin a fhostófar na hintéirnigh.

Láthair: Beidh na hintéirnigh seo lonnaithe in oifigí éagsúla na n-institiúidí ar Mhór-Roinn na hEorpa (an Bhruiséil nó Lucsamburg).

Critéir cháilitheachta

Glacfar le hiarratais ar an bhfoirm iarratais ó chéimithe:

  • a bhfuil cáilíocht ag leibhéal 8 ar a laghad acu (riachtanach) nó atá ar tí cáilíocht dá leithéid sin a bhaint amach sula dtosaí tréimhse na hintéirneachta
  • a bhfuil sár-chaighdeán Gaeilge acu (riachtanach)
  • a bhfuil taithí oibre shásúil mar aistritheoir nó mar phrofléitheoir acu (inmhianaithe)
  • a bhfuil eolas maith ar bhogearra aistriúcháin ríomhchuidithe acu (inmhianaithe)
  • a bhfuil cáilíocht iarchéime ollscoile i staidéar an aistriúcháin acu (inmhianaithe)

Cur síos ar an obair

Aistritheoir
Tuairisceoidh an t-intéirneach do bhall sinsearach foirne in Aonad na Gaeilge.  Beidh an duine a roghnófar ag cuidiú go príomha le haistriúchán téacsanna ilchineálacha  le linn an tsocrúcháin oibre.  Cuirfidh gach institiúid láthair oifige, meantóir, traenáil agus uirlisí aistriúcháin ar fáil do gach intéirneach.

Profléitheoir
Tuairisceoidh an t-intéirneach do bhall sinsearach foirne in Aonad na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa nó in Oifig na bhFoilseachán agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Cuid den obair sin is ea doiciméid a ullmhú ó thaobh stíle agus clóghrafaíochta de, profaí na gclódóirí a phrofléamh, páirt a ghlacadh i ndearadh foilseachán agus tacú le heagrú agus le monatóireacht na bpróiseas táirgthe éagsúil a bhaineann le doiciméid a fhoilsiú.  Cuirfidh gach institiúid láthair oifige, meantóir, traenáil agus uirlisí cuí ar fáil do gach intéirneach.

Téarmaí agus coinníollacha

  • Is coinníoll de chuid na scéime seo nár thug an t-iarrthóir faoi intéirneacht ná faoi shocrúchán oibre roimhe seo in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
  • Ní féidir cur isteach ar an scéim seo níos mó ná dhá uair.
  • Tá mic léinn atá ar tí céim ar leibhéal 8 ar a laghad a bhaint amach faoi shamhradh na bliana 2026 i dteideal iarratas a dhéanamh faoin scéim seo. Má éiríonn le mac léinn atá sa chás sin tairiscint choinníollach a fháil, beidh fianaise ar ghnóthú na céime le tabhairt don Roinn sula ndeimhneofar an tairiscint.
  • Ar feadh thréimhse na hintéirneachta, is Státseirbhíseach de chuid na hÉireann a bheidh san intéirneach, agus é/í ar iasacht leis an institiúid ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá dualgas ar an intéirneach cloí leis na téarmaí, coinníollacha, polasaithe agus treorlínte a leagann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus an institiúid Eorpach ábhartha síos, dá leithéidí uaireanta oibre, cúrsaí sábháilteachta, srl.  Beidh ar gach intéirneach páirt a ghlacadh i bpróiseas ionduchtúcháin na hinstitiúide.
  • Beidh ar gach intéirneach freastal ar lá ionduchtúcháin de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sula gcuirfear tús leis an tréimhse intéirneachta.
  • Sa chás go n-éiríonn leis an iarrthóir, tá dualgas orthu teacht ar ais chomh luath is a bhfuil cinneadh déanta acu maidir le glacadh nó gan glacadh le tairiscint.
  • Bí ar an eolas nach féidir torthaí na scrúduithe a roinnt le hiarrthóirí ná ní bheidh aiseolas ar an scrúdú a rinne siad ar fáil do na hiarrthóirí.

Próiseas an chomórtais

Foirm Iarratais a líonadh

Ní mór gach cuid den fhoirm a líonadh ina hiomláine agus ní mór duit a chinntiú go bhfuil na sonraí teagmhála ar an bhfoirm iarratais i gceart.  Iarratas ar líne atá ann. Foirm iarratais le fáil anseo

Leagan amach an chomórtais

Cuirfear na hiarrthóirí faoi agallamh agus beidh scrúdú aistriúcháin agus/nó scrúdú profléitheoireachta le déanamh chomh maith. Ag brath ar éileamh, ní mór d’iarrthóirí a thabhairt faoi deara go bhféadfaí gearrliostú a dhéanamh bunaithe ar an eolas a chuirtear ar fáil i d’fhoirm iarratais. 

Is ar líne a bheidh an scrúdú agus na hagallaimh ar siúl an 8 agus an 9 Meitheamh 2026. Ní mór duit a chinntiú, agus iarratas á dhéanamh agat, go mbeidh tú ar fáil an dá lá sin don scrúdú agus don agallamh ar líne. An tIonad Barr Feabhais atá lonnaithe in Ollscoil na Gaillimhe a riarfaidh an comórtas.

Iarratas a tharraingt siar
I gcás iarrthóirí nach ndéanann freastal ar agallamh, nó nach gcuireann dearbhú ar fáil, nuair a iarrtar sin orthu de réir mar a theastaíonn ón Ionad Barr Feabhais thar ceann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i dtaca le haon cheist atá ábhartha dá n-iarrthóireacht, ní bheidh siad i dteideal a bheith san áireamh i gcomhair a mbreithnithe.

Spriocdháta le haghaidh iarratas
Is éan Déardaoin, 30 Aibreán 2026  ag 12 meán lae an spriocdháta faoina gcaithfear an fhoirm iarratais a líonadh. Cloífear go beacht leis an spriocdháta sin. 

Freastal speisialta
Má theastaíonn uait go ndéanfaí freastal speisialta ar bith ort i ndáil le gné ar bith den chomórtas seo, cuir é sin in iúl ar an bhfoirm iarratais le do thoil.